A chairde,
Tá súil agam go bhfuil achan duine agaibh go maith. Ba mhaith liom sibh a chur ar an eolas fa Lá Líofa (ba cheart go raibh duine i dteagmháil libh cheana féin). Mar iatán, gheobhaidh sibh leagan béarla den bhileog. Cuirfear leagan Gaeilge den bhileog agus preasráiteas chugaibh amárach nó Déardaoin agus bheinn buíoch daoibh as an scéal a scaipeadh nuair a fhaigheann sibh an t-eolas seo.
Tá súil agam go mbeidh sibh páirteach i Lá Líofa más féidir agus go scaipfidh sibh an scéal! An rud a bheas ann le Breithlá Líofa ná lá teaghlaigh agus ceiliúradh na Gaeilge ar an Satharn 22ú Meán Fómhair i gCearnóg Theach an Chustaim, Béal Feirste 1-4in. (Eolas sa bhileog)
Beidh réimse siamsaíochta ar an ardán (Goitse, Cór Dhoimnic Mhic Giolla Bhríde, JJ Ó Dochartaigh, Nodlaig Brolly srl ina measc) agus Lynette Fay a chuireas an siamsaíocht ardáin i láthair.
Beidh coirneál na bpáistí ann sa chearnóg chomh maith áit a mbeidh siamsaíocht (Fanzini Brothers, Ariel Killick, preabchaisleáin srl) ar leith ar fáil daofa. Beidh bia te agus seastáin eolais fa cúrsaí Gaeilge ar fáil do dhaoine. Imeacht saor in aisce a bheas ann agus beidh fáilte roimh dhuine ar bith, ní amháin rannpháirithe Líofa. Gheobhaidh duine ar bith atá cláraithe le Líofa bronntanas speisialta ar an lá!
Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt daoibh seastán a bheith agaibh le heolas a scaipeadh ar bhur gcuid oibre.
Beidh an seastán saor in aisce. Más maith leat ceann a bheith agat níl le déanamh ach r-phost a chur ar ais lena chinntiú. Thig linn an seastán a chur ar fáil agus níl le déanamh agaibhse ach an t-ábhar a thabhairt nó más fearr libh thig libh bhur seastán féin a ghlacadh. Cuir scairt orm ar mo ghuthán póca má tá ceist ar bith agat (uimhir thíos). Bígí i dteagmháil!
Go raibh maith agaibh
Le meas
Ursula
Oifigeach Forbartha Líofa
Líofa Development Officer
Oifig: 02890 515008 Guthán Póca: 07825789290
Lean Leat go Líofacht 2015 – Become fluent in Irish by 2015!