Avicii Vs Lurgan – “Wake Me Up” as Gaeilge

 
Íoslódáil MP3 anseo: http://bit.ly/AviciiVsLurgan
Liricí thíos:
Stiofán Ó Fearail in éineacht le scoláirí & foireann chúrsa C lena leagan féin de “Wake Me Up” le Avicii.
Chuaigh an t-úfás oibre agus réiteach isteach sa bhfíseán ceoil seo agus tá súil againn go dtaitneoidh sé libh

Fáinne fí i gcoim na hoíche.
(Níl) ‘tada riamh nach mbíonn thart.
Diabhail fhios a’m cá bhfuil deireadh mo scéil
Ach táim ar an mbealach ceart.

Deir siad liom gan a dhul sa tseans,
Nach dtagann ciall roimh aois.
Bhuel ‘sé m’aistear é, Ní léir cén fhad a mhairfidh sé,
‘Sé togha ar aon chaoi.

So Lig mé saor ón suan ‘tá orm.
(Tai)speáin ‘om bóthar éasca cothrom.
Bainfidh mé ceann scríbe amach, sí m’aidhm,
Cíbe treo átá i ndán.

(Tá) Mé ag iompar úalach mór an tsaoil
Ach níl a’m ach péire lámh.
Suile troma is an ghrian a dhul faoi
Ach ní chodlaíonn mé go sámh.

“Bris amach agus tú fós sach óg.”
Chinnigh mé le dul in aghaidh.
Seo mo ré, Seasfaidh mé an fód,
‘S leanfaidh mé ar aghaidh.

Amhránaí: Stiofán Ó Fearail as Seo Linn
https://www.facebook.com/seolinnoifig…

Foireann Camera: Tree Light Pictures
www.treelightpictures.ie

Foireann Solas: Blacklight
http://www.blacklight.ie/

Taifead Beo: Engineered Soundscapes
engineeredsoundscapes@gmail.com