Corn Cholmcille: Gaoth Dobhair 9ú-11ú Deireadh Fómhair:

Corn Cholmcille: Gaoth Dobhair 9ú-11ú Deireadh Fómhair: Beidh Gaeil-imreoirí na hÉireann agus na hAlban ag teacht le chéile ar an Ghaoth Dobhair i gceann cúpla seachtaine mar chuid de Chorn Cholmcille; comórtas lánGhaeilge iomána/camanachda ina bheas cluichí iománaíochta agus cluichí comh-rialacha leis an chamanachd. Bíonn an comórtas lonnaithe idir Éirinn agus Albain ó bhliain go bliain agus den chéad uair riamh beidh an fhéile in Uladh i mbliana. Ag tógáil ar rath an chomórtais ar na mallaibh, beidh tús curtha i mbliana le comórtas camógaíochta chomh maith le comórtas faoi aois, agus Gaelcholáiste Dhoire ag cur foirne san iomaíocht in éadan na nAlbanach. I ndiaidh dul i mbun catha ar an Pháirc beidh céiliúradh mór sa tráthnóna le go leor ceoil, damhsa agus spraoi don teaghlach ar fad. (Más mian le duine ar bith tuilleadh eolais faoi, téigh i dteagmháil le múinteoir Malachaí.)