Imeachtaí Croí Éanna – Meán Fómhair – Nollaig 2013

GDE Error: Requested URL is invalid
GDE Error: Requested URL is invalid
  • Ranganna Gaeilge

    Ag tosú 16/09/2013

    Dé Luain 6.00-7.30in
    Rang comhrá do dhaoine atá ag tosú amach ón fíorthús. Tá an rang seo dírithe ar dhuine ar bith atá ag iarraidh tús a chuir leis an Ghaeilge
    a fhoghlaim. Bheadh an rang seo an-úsáideach ag baill teaghlaigh a bhfuil páistí acu ar Naíscoil/Gaelscoil Éanna go háirithe.
    £1 in aghaidh na seachtaine

    Dé luain 7.30-9.00in
    Rang comhrá (bunrang)

    Tá an rang seo dírithe ar dhuine ar bith a chríochnaigh an chéad bhunrang anuaraidh nó atá ag iarraidh bogadh ar aghaidh ar luas níos fadalaí agus iad ag teacht ar ais i dtaithí ar an teanga i dtimpeallacht tacúil neamhfhoirmiúl.
    £1 in aghaidh na seachtaine

    Dé Luain 6.00-7.30in
    Rang Bunscoile (R4-R7)

    Tá an rang seo dírithe ar pháistí atá ag freastal ar Bhunscoileanna Béarla atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim i dtimpeallacht tacúil neamhfhoirmiúl.
    £1 in aghaidh na seachtaine

    Dé Luain 7.30-9.00in
    Rang Iar- Bhunscoile (BL 8-BL10)

    Tá an rang seo dírithe ar pháistí atá ag freastal ar Iar- Bhunscoileanna Béarla atá ag iarraidh
    an Ghaeilge a fhoghlaim i dtimpeallacht tacúil neamhfhoirmiúl.
    £1 in aghaidh na seachtaine

    Dé Luain 7.00-9.00in
    Rang BMET- “Improver stage 3”

    Rang foirmiúil teanga a mhaireann 30 seachtaine atá éascaithe ag Belfast Metropolitan College. Tuilleadh eolais ar fáil ar www.belfastmet.ac.uk

    Dé Luain 7.00-9.00in
    Rang Gramadaí

    Tá an rang seo ar fail do dhaoine atá ag iarraidh díriú isteach ar rialacha an teanga.
    £1 in aghaidh na seachtaine

    Dé Máirt 6.30-9.00in
    Rang BMET- GCSE

    Rang foirmiúil GCSE a mhaireann 30 seachtaine atá éascaithe ag Belfast Metropolitan College.
    Tuilleadh eolais ar fáil ar
    www.belfastmet.ac.uk

    Dé Máirt 7.00-9.00
    Rang comhrá (Meánrang)

    Tá an rang seo dírithe ar dhuine ar bith atá ag iarraidh cuir lena gcuid líofacht I dtimpeallacht tacúil neamhfhoirmiúil.
    £1 in aghaidh na seachtaine

    Dé Máírt 6.00-7.30
    Rang GCSE (Athbhreithniú)

    Tá an rang seo dírithe ar dhaoine atá ag dul
    don GCSE san Earrach 2014, a mbeadh seisiún athbhreithnithe structúrtha tairbhiúil acu.
    £1 in aghaidh na seachtaine

    Dé Máirt 7.30-9.00
    Rang AS/A Leibhéal (Athbhreithniú)

    Tá an rang seo dírithe ar dhaoine atá ag dul
    don AS/A Leibhéal san Earrach 2014, a mbeadh seisiún athbhreithnithe structúrtha tairbhiúil acu.
    £1 in aghaidh na seachtaine

    Dé Máirt 7.00-9.00
    Rang BMET- “Beginners Level 1”

    Rang foirmiúil teanga a mhaireann 30 seachtaine atá éascaithe ag Belfast Metropolitan College. Tuilleadh eolais ar fáil ar www.belfastmet.ac.uk

    Ranganna Gaeilge £1 in aghaidh an ranga
    Belfast Met classes payable at: www.belfastmet.ac.uk

  • Imeachtaí Seachtainiúl
    Ag tosú Dé hAoine 20/09/2013

    Dé hAoine 12.30-2pm
    Ciorcal Comhrá
    Teacht le chéile neamhfhoirmiúil i gCumann Naomh Éanna. Buail isteach fá choinne comhrá agus cupán tae nó rud éigin níos láidre más mian leat!

    Dé hAoine 7.00-8.30pm
    Cumann Óige Croí Éanna

    Cumann Óige trí mhéan na Gaeilge. R1-7

  • Imeachtaí Míosúil
    Ag tosú Deireadh Fómhair 2013

    An chéad Aoine de gach mhí 12.30-2pm
    Léacht stairiúl agus lón

    Éist lenár aoichainteoirí agus faigh greim bia ag ár léachtanna.

    An chéad Domhnach de gach mhí 6.00-8pm
    Dioscó Bunscoile

    Déan damhsa linn i gCumann Naomh Éanna.

    An dara Domhnach de gach mhí 2.30-3.30pm
    Na Baboga

    Rang idirghníomhach amhránaíochta do pháistí réamhscolaíochta, tuismitheoirí agus seantuismitheoirí

    Dianchúrsa- Ceardlann lae – 10-2.00pm
    21/09/13 – Dianchúrsa
    19/10/13 – Dianchúrsa
    16/11/13 – Dianchúrsa
    Beidh ranganna trí leibhéal ann, Bunrang, Meánrang agus Ardrang.

    An ceathrú Aoine de gach mhí 7.-8.30pm
    Rang Cheoil/Amhránaíochta

    Rang neamhfhoirmiúil, áit a dtig leat na hamhráin sin a bhfuil aithne agat orthu ach nach bhfuil ar eolas agat ó thús go deireadh. Má seinníonn tú uirlís ar bith, tabhair leat í ar an lá

  • Imeachtaí Séasúrtha

    Comórtas Iomána/camógaíochta – 25/09/2013
    Deis iontach do na bunscoileanna áitiúla
    páirt a ghlacadh sa chómortas iomána agus camógaíochta seo.

    Oíche Chéiliúrtha do oibrí deonacha Naomh Éanna – 26/10/2013
    Oíche chéiliúrtha do oibrithe deonacha Naíscoil, Gaelscoil, Naomh Éanna CLG agus Cumann Óige Croí Éanna, a oibríonn go crua sa chúlra agus a chuireann go mór le fás agus forbairt na tionscnaimh éagsúla.

    Féile na Samhna – 27/10/2013 (4-6.30pm)
    Lá spraoi bliantúil na Samhna le ealaín agus ceardaíocht, scealaíocht, cluichí tráidisiúnta, siamsaíocht teaghlaigh agus táispéantas tínte ealaíne den scoth.

    Feis Éanna – 17/10/2013
    Deis do na bunscoileanna áitiúla a bhuanna filíochta a léiriú agus b’fhéidir bonn nó fiú corn a ghlacadh ar ais chun na scoile leo!

    Daidí na Nollag – 08/12/2013 (2-4pm)
    Beidh Daidí na Nollag ar chuairt speisialta chuig Cumann Naomh Éanna chun páistí Naíscoil/Gaelscoil Éanna agus Cumann Naomh Éanna Fheiceáil.

  • Irish Classes

    Starting 16/09/2013

    Monday 6.00pm-7.30pm
    Conversation for complete beginners

    Monday 7.30-9.00pm
    Conversation for beginners

    Monday 6.00-7.30pm
    Beginners Irish for children from English speaking schools R4-7

    Monday 7.30-9.00pm
    Beginners Irish for children from English speaking schools BL 8-10

    Monday 7.00-9.00pm
    Belfast Met Class- “Improver stage 3”
    More info from www.belfastmet.ac.uk

    Monday 7.00-9.00pm
    Grammar Class

    Tuesday 6.30-9.00
    Belfast Met GCSE Irish
    More info from www.belfastmet.ac.uk

    Tuesday 7.00-9.00
    Conversation class- Intermediate

    Tuesday 6.00-7.30
    GCSE Revision class

    Tuesday 7.30-9.00
    AS/A2 revision class

    Tuesday 7.00-9.00
    Belfast Met- Beginners level 1
    More info from www.belfastmet.ac.uk

    Irish classes £1 per class
    Belfast Met classes payable at: www.belfastmet.ac.uk

  • Dianchúrsa Gaeilge / Intensive Irish course

    21/09/13 10.00rn-2.00in Bunrang/Meánrang/Ardrang
    19/10/13 10.00rn-2.00in Bunrang/Meánrang/Ardrang
    16/11/13 10.00rn-2.00in Bunrang/Meánrang/Ardrang

    Táille- £10- Clúdaíonn an taille lón té agus cúram leanaí
    Cost- £10- This cost includes a hot lunch and childcare

  • Cumann Oíge Chroí Éanna / Youth Club
    Óiche Aoine-7.00-9.00in
    Friday nights 7.00-9.00pm
    Rang 1-7/
    Primary 1-7

  • Féile na Samhna ag Naomh Éanna
    27/10/2013

    Tráth na gCeist, Dráma, Scéalaíocht, Caint/leacht, Lá cuimsithe phobail, Taispeántas tinte ealaíne, Turas na dtaibhsí agus neart eile.

    Quiz, Drama, Storytelling, Talk/Lecture, Community inclusion day, Fireworks display, Ghost tour and much more